Ministers host the Launch of the European Week of Sport
Minister for Culture, Communications and Sport Patrick O’Donovan TD and Minister of State with responsibility for Sport and Postal Policy, Charlie McConalogue TD, have hosted the launch of the European Week of Sport at the Sport Ireland Campus. This official opening ceremony at the National Indoor Arena was held in cooperation with the European Commission and Sport Ireland.
The ceremony included contributions from Minister O’Donovan, Minister of State McConalogue, Sport Ireland CEO Dr. Úna May, Director for Culture, Creativity and Sport at the European Commission Georg Häusler as well as a video message from Glenn Micallef, European Commissioner for Intergenerational Fairness, Youth, Culture and Sport.
The event welcomed more than 100 attendees, including 70 European delegates representing 24 countries and a range of leading European and international sports organisations. It included representatives from the European Commission, UEFA, FIFA, the European Olympic Committees (EOC) EU Office, the European Paralympic Committee, EUSA, European Aquatics, ENGSO, EuropeActive and Special Olympics Europe Eurasia, alongside representatives from the Irish sport sector.
Delegates took part in sport activations on the Campus and viewed public activities involving local school groups, older adults and high-performance athletes from Badminton Ireland.
Minister O’Donovan said: “Physical activity is an important part of a healthy and happy lifestyle. The European Week of Sport is a chance for people to try new things and learn about all the opportunities that are out there in sports for them. I hope many people will engage with the events that are taking place all across Ireland and indeed Europe this year during our Presidency”
Minister McConalgoue said: “Launching this event on the Sport Ireland Campus is a chance to showcase the wonderful facilities we have been building here. This campus is open for everyone. I hope the events taking place today and over the course of the week give more people a chance to experience it.”
Director Häusler said: “The European Week of Sport is our showcase event for the #BeActive initiative and brings together people in 40 countries across Europe to engage in sport, try out new opportunities, and prove that everyone can #BeActive in their own way. We are delighted to celebrate this occasion in Dublin during Ireland’s EU Presidency.”
Seoladh Sheachtain Eorpach an Spóirt á óstáil ag Airí na Roinne
D’óstáil an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O’Donovan TD agus an tAire Stáit atá freagrach as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue TD, seoladh Sheachtain Eorpach an Spóirt ar Champas Spórt Éireann inniu an 23 Meán Fómhair 2026. Is sa Láthair Náisiúnta faoi Dhíon a bhí an searmanas oscailte oifigiúil a reáchtáladh i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le Spórt Éireann.
Chualathas le linn an tsearmanais ón Aire O’Donovan, ón Aire Stáit McConalogue, ó Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Spórt Éireann an Dr Úna May, ón Stiúrthóir don Chultúr, Cruthaitheacht agus Spórt sa Choimisiún Eorpach Georg Häusler, agus bhí físteachtaireacht ann a thaifead an Coimisinéir Eorpach um Chothroime Idirghlúine, um an Óige agus um Chultúr agus Spórt Glenn Micallef.
Cuireadh fáilte roimh os cionn 100 duine a d’fhreastail ar an imeacht, 70 toscaire Eorpach thar ceann 24 tír ina measc, agus réimse príomheagraíochtaí spóirt Eorpacha agus idirnáisiúnta. Ina measc siúd a bhí i láthair bhí ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ó UEFA, FIFA, Oifig AE Choistí Oilimpeacha na hEorpa, Coiste Parailimpeach na hEorpa, EUSA, Cumann Uiscíochta na hEorpa, ENGSO, EuropeActive agus Cluichí Oilimpeacha Speisialta na hEorpa agus na hEoráise, chomh maith le hionadaithe thar ceann earnáil an spóirt in Éirinn.
Ghlac na toscairí páirt i ngníomhaíochtaí spóirt ar an gCampas agus bhí deis acu breathnú ar ghníomhaíochtaí poiblí a raibh grúpaí ó scoileanna áitiúla, daoine scothaosta agus lúthchleasaithe ardfheidhmíochta ó Chumann Badmantain na hÉireann páirteach iontu.
Is é a dúirt an tAire O’Donovan: “Gné thábhachtach de stíl mhaireachtála shona shláintiúil atá sa ghníomhaíocht coirp. Seans ag daoine rudaí úra a thriail agus a fhoghlaim faoi na deiseanna atá i ndán dóibh sa spórt is ea Seachtain Eorpach an Spóirt. Tá súil agam go nglacfaidh cuid mhór daoine páirt sna himeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann agus, leoga, ar fud na hEorpa i mbliana, bliain Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.”
Arsa an tAire McConalogue: “Agus an t-imeacht seo á sheoladh againn ar Champas Spórt Éireann, seans dúinn atá ann na saoráidí thar cionn atá tógtha anseo againn a chur os comhair an phobail. Campas do chách is ea an campas seo. Tá súil agam go mbeidh deis ag tuilleadh daoine blaiseadh a fháil den champas sna himeachtaí inniu agus i rith na seachtaine.”
Seo an méid a dúirt an Stiúrthóir Häusler: “Is í Seachtain Eorpach an Spóirt an seóthaispeántas mór a bhíonn againn don tionscnamh #BíGníomhach, tráth a bhfuil daoine á dtarraingt le chéile in 40 tír ar fud na hEorpa chun bheith páirteach sa spórt agus chun deiseanna úra a thriail, seachtain a léiríonn gur féidir le daoine i ngach áit gníomhú ar a mbealach féin de réir an mhana #BíGníomhach. Cúis áthais dúinn an ócáid seo a cheiliúradh i mBaile Átha Cliath le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.”