Record level of Core Grant Investment for sports bodies in 2026
- Minister Patrick O’Donovan and Minister Charlie McConalogue announce record investment of over €33 million in core funding support to sporting organisations
- Highest ever level of Core grant investment in sport
- €19.5 million for National Governing Bodies
- €12.66 million for Local Sports Partnerships
- €1.2 million for other sporting bodies
- New multi-annual funding model to support improved planning
Minister for Culture, Communications and Sport, Patrick O’Donovan, and the Minister of State with responsibility for Sport and Postal Policy, Charlie McConalogue, today announced a record investment of €33.36 million in core funding support to sporting organisations, through Sport Ireland, for 2026.
€19.5 million is being invested in 57 National Governing Bodies of Sport (NGBs) this year, an increase of €1.2 million on the 2025 figure.
Investment in Local Sports Partnerships (LSPs) has increased by 5.9% compared to 2025, with a total investment of €12.66 million being allocated across the 29 LSPs.
This is the highest ever level of Core investment in sport and represents a 6.5% increase on 2025 levels and an 87.4% increase on the €17.8 million investment in 2018, when the National Sports Policy was published.
2026 marks the first year of Sport Ireland’s 3-year multi-annual funding model, a transformative development that will support improved planning, workforce stability and more strategic use of resources within sports organisations.
Speaking at the funding announcement at the Sport Ireland Campus today, Minister O’Donovan said: “This investment represents a steadfast commitment by the Government to strengthening the foundations of Irish sport. By backing National Governing Bodies of Sport and Local Sports Partnerships, it recognises their central role in delivering participation, performance and community impact across the country. We are continuing to scale investment in participation programmes, particularly those supporting women and girls, reinforcing our commitment to further narrowing the gender participation gap in sport, and in time, to eliminate it completely. This increased funding provides the stability and support required to sustainably grow participation, and position Ireland as a leader in inclusive, high-quality sport for all”.
Minister McConalogue said: “The work of NGBs and LSPs in advancing wider Government priorities underlines the central role sport plays in Irish society. This Core funding will strengthen investment in high-performing, volunteer-led organisations in 2026, enabling them to build capacity, enhance sustainability, and plan with confidence for the future. Crucially, it will support their continued efforts to make sport more inclusive and accessible - particularly for those facing socio-economic barriers and people with disabilities - while further expanding the reach and impact of LSPs as they empower communities, to participate in sport and physical activity.”
Sport Ireland Chairperson John Foley said: “We are extremely grateful to the Department, Minister O’Donovan, Minister McConalogue, and the wider Government, for their ongoing investment in Core funding. The NGBs and LSPs are absolutely pivotal in delivering on the aims for the National Sports Policy. Here at Sport Ireland, we stand square behind them and will continue to provide them with strategic and operational leadership.”
Sport Ireland CEO Dr Úna May said: “We are delighted by this generous Government investment. It’s a record level of investment and really does show just how strong the Government commitment is to developing a robust sport sector. In making investment decisions, Sport Ireland looks at the full impact of each sport - its national significance, the strength and ambition of its programmes, and the quality of its governance and operations. We place a strong emphasis on participation, membership, volunteerism and the social value sport brings to communities across the country. Above all, we are committed to ensuring a vibrant and diverse sporting landscape, so that people of all ages and backgrounds have access to a wide range of sporting opportunities.”
An Leibhéal is Airde Bunchistithe Riamh do Chomhlachtaí Spóirt in 2026
- Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan agus an tAire Charlie McConalogue an infheistíocht is airde riamh de bhreis is €33 milliún i dtacaíocht bhuanchistithe d’eagraíochtaí spóirt
- An méid is airde Buninfheistíochta sa Spórt riamh
- €19.5 milliún do Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta
- €12.66 milliún do Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla
- €1.2 milliún do chomhlachtaí spóirt eile
- Samhail mhaoinithe ilbhliantúil nua chun tacú le pleanáil fheabhsaithe
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Stáit atá freagrach as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue, inniu infheistíocht bhunchistithe de €33.36 milliún d’eagraíochtaí spóirt, trí Spórt Éireann, do 2026; an leibhéal is airde riamh.
Tá €19.5 milliún á infheistiú i 57 Comhlacht Rialaithe Spóirt Náisiúnta (NGBanna) i mbliana, méadú €1.2 milliún ar fhigiúr 2025.
Tá méadú 5.9% tagtha ar infheistíocht i gComhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla (LSPanna) i gcomparáid le 2025, agus infheistíocht iomlán de €12.66 milliún á leithdháileadh ar na 29 LSP.
Seo an leibhéal buninfheistíochta is airde riamh i spórt agus léiríonn sé méadú 6.5% ar leibhéil 2025 agus méadú 87.4% ar an infheistíocht €17.8 milliún in 2018, nuair a foilsíodh an Beartas Náisiúnta Spóirt.
Is í 2026 an chéad bhliain de mhúnla maoinithe ilbhliantúil trí bhliana Spórt Éireann, forbairt chlaochlaitheach a thacóidh le pleanáil fheabhsaithe, cobhsaíocht lucht saothair agus úsáid níos straitéisí acmhainní laistigh d’eagraíochtaí spóirt.
Ag labhairt dó ag an ocáid fógartha maoinithe ag Campas Spóirt Éireann inniu, dúirt an tAire O’Donovan: “Léiríonn an infheistíocht seo tiomantas daingean ón Rialtas chun bunús spóirt na hÉireann a neartú. Trí thacaíocht a thabhairt do Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt agus do Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla, aithnítear a ról lárnach maidir le rannpháirtíocht, feidhmíocht agus tionchar pobail a sheachadadh ar fud na tíre. Táimid ag leanúint ar aghaidh ag méadú infheistíochta i gcláir rannpháirtíochta, go háirithe iad siúd a thacaíonn le mná agus cailíní, rud a neartaíonn ár dtiomantas chun an bhearna rannpháirtíochta inscne sa spórt a chúngú tuilleadh, agus le himeacht ama, é a dhíchur go hiomlán. Soláthraíonn an maoiniú méadaithe seo an chobhsaíocht agus an tacaíocht atá riachtanach chun rannpháirtíocht a fhás go hinbhuanaithe, agus chun Éire a dhéanamh ina ceannaire i spórt cuimsitheach, ardchaighdeáin do chách.”
Dúirt an tAire McConalogue: “Leagann obair na gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta agus na gComhlachtaí Áitiúil Spóirt maidir le tosaíochtaí níos leithne an Rialtais a chur chun cinn béim ar an ról lárnach atá ag an spórt i sochaí na hÉireann. Neartóidh an maoiniú lárnach seo infheistíocht in eagraíochtaí ardfheidhmíochta faoi stiúir oibrithe deonacha in 2026, rud a chuirfidh ar a gcumas acmhainn a thógáil, inbhuanaitheacht a fheabhsú, agus pleanáil le muinín don todhchaí. Go ríthábhachtach, tacóidh sé lena n-iarrachtaí leanúnacha spórt a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana - go háirithe dóibh siúd atá os comhair bacainní socheacnamaíocha agus daoine faoi mhíchumas - agus ag an am céanna raon feidhme agus tionchar LSPanna a leathnú tuilleadh agus iad ag cumhachtú pobail, chun páirt a ghlacadh i spórt agus i ngníomhaíocht choirp.”
Dúirt Cathaoirleach Spórt Éireann, John Foley: “Táimid thar a bheith buíoch don Roinn, don Aire O’Donovan, don Aire McConalogue, agus don Rialtas i gcoitinne, as a n-infheistíocht leanúnach i maoiniú lárnach. Tá na NGBanna agus na LSPanna ríthábhachtach chun aidhmeanna an Bheartais Náisiúnta Spóirt a bhaint amach. Anseo ag Spórt Éireann, seasann muid go díreach leo agus leanfaimid orainn ag soláthar ceannaireacht straitéiseach agus oibríochtúil dóibh.”
Dúirt príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, an Dr Úna May: “Táimid thar a bheith sásta leis an infheistíocht fhlaithiúil seo ón Rialtas. Is í an leibhéal infheistíochta is airde riamh í agus léiríonn sí cé chomh láidir is atá tiomantas an Rialtais earnáil spóirt láidir a fhorbairt. Agus cinntí infheistíochta á ndéanamh aige, breathnaíonn Spórt Éireann ar thionchar iomlán gach spóirt - a thábhacht náisiúnta, neart agus uaillmhian a chláir, agus cáilíocht a rialachais agus a oibríochtaí. Cuirimid béim láidir ar rannpháirtíocht, ballraíocht, obair dheonach agus an luach sóisialta a thugann spórt do phobail ar fud na tíre. Thar aon rud eile, táimid tiomanta do thírdhreach spóirt bríomhar agus éagsúil a chinntiú, ionas go mbeidh rochtain ag daoine de gach aois agus cúlra ar raon leathan deiseanna spóirt.”