DAF Funding Announcement Tranche 2 2025

More than €5m in Dormant Accounts Funding announced for National Governing Bodies of sport

29 Dec 2025
Hannah Craig
National

More than €5m in Dormant Accounts Funding is to be awarded to National Governing Bodies (NGBs) of sport, the Department of Culture, Communications and Sport, and Sport Ireland are pleased to announce. 

The Minister for Culture, Communications and Sport, Patrick O’Donovan, and the Minister for Sport and Postal Policy, Charlie McConalogue, have welcomed the investment of €5.16m, which will support a wide array of exceptional projects across the country.

Minister for Culture, Communications and Sport Patrick O’Donovan, said: This Dormant Accounts Fund allocation will allow our sporting bodies to sustain the important work they do in communities throughout Ireland, supporting inclusion for those experiencing disadvantage or living with disabilities, while also helping to boost participation in sport and physical activity. 

This funding reinforces the important principle that sport and physical activity are fundamental rights and should be open to everyone, everywhere. This funding will help empower NGBs to do more to reach those who are economically or socially disadvantaged, educationally disadvantaged or people with a disability.”

The Dormant Accounts Funding allows unclaimed funds from accounts in credit institutions in Ireland to be utilised for projects focused on overcoming the barriers and challenges to participation in sport for those who are economically or educationally disadvantaged, or those affected by a disability.

Minister of State with responsibility for Sport and Postal Policy, Charlie McConalogue, said: While sport is a powerful driver of social inclusion, there remains important work to do to ensure people facing socio-economic barriers or living with disabilities are fully supported. 

As we plan for 2026, continued support for the vital work of our National Governing Bodies of Sport is imperative - particularly their efforts to make sports more inclusive and accessible for disadvantaged communities and people with a disability. This significant investment is focused on reducing inequalities and ensuring that people from every background have the opportunity to live active, healthy lives.”

The areas of focus for Dormant Account Funding 2025 include disability supports, NGB equality, diversity & inclusion, and volunteer supports.

There is a focus on disability sports funding under three schemes - Disability Capital Support, Disability Programmes, and Disability Training & Education Fund – to a total of €2m. 

These schemes have been put in place to initiate, advance or accelerate local disability initiatives to support the Sport Ireland Policy on Participation in Sport for People with DisabilitiesNational Sports Policy and National Physical Activity Plan

The Minister of State, Jerry Buttimer T.D, for the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, the department that oversees the Dormant Account Fund, noted: “The Dormant Accounts Fund has continually aided the most vulnerable in society.  I am particularly pleased to see funding for these sports measures that will benefit people across the country

Sport Ireland Chairperson John Foley said: “We welcome this generous investment, which reflects a measured approach to tackling barriers to participation. It will help ensure opportunities for those who are economically or educationally disadvantaged or living with a disability.

“Sport Ireland and its partners act as guardians of this funding, with a clear responsibility for transparency and accountability. Every Euro must deliver real impact - empowering communities, promoting inclusion, and creating fair access to sport. Through careful oversight, this initiative will leave a legacy of equality and opportunity.”

Dr Úna May, CEO of Sport Ireland, said: The Government has already significantly increased investment in disability inclusion in sport in recent years. This important Dormant Accounts Funding will allow NGBs to do even more for people with disabilities and those facing socio-economic or educational barriers to participation. 

Sport Ireland is committed to taking a leadership role and fostering collaboration within the sport sector to ensure our National Sports Policy goals are met.”

Sport Ireland will invest €1.5m in the National Governing Body (NGB) Equality, Diversity & Inclusion Fund. This fund will support NGBs in delivering projects that address barriers to participation for individuals from diverse communities, regardless of socio-economic background, gender, disability, sexual orientation, and ethnicity.

Recognising the invaluable contributions of volunteers in Irish sport, funding is allocated to provide volunteer supports aligned with the key actions of the Volunteering in Sport Policy.

Funding will be allocated to projects that empower volunteers, including youth leadership training, coaching and development programmes and targeted training for volunteers who are from or who work in disadvantaged areas and/or with people with disabilities.

Other areas of focus include Community Sports and Physical Activity hubs which provide local, accessible opportunities for physical activity in disadvantaged areas and Her Moves, which supports the development of initiatives designed to reduce dropout rates in sport and physical activity among adolescent girls. 

Funding will also be provided to Get Ireland Active, an online public website and stakeholder hub providing comprehensive information on all sport and recreation facilities across Ireland. It aims to increase physical activity levels and enhance the planning, funding, and management of sport and recreation amenities nationwide.

 Breakdown of 2025 Allocations available below:

2025 NGB Dormant Accounts Fund Scheme Recommended Allocation
NGB Equality, Diversity & Inclusion Fund €1,500,000
Disability Training & Education Fund €250,000
Disability Capital Support €1,235,000
Disability Programmes €515,000
NGB Volunteer Supports Fund €780,000
NGB Her Moves Fund €100,000
Get Ireland Walking/Swimming/Cycling/Running Fund €500,000
NGB Community Sports & Physical Activity Hub Fund €132,000
Get Ireland Active €150,000
TOTAL €5,162,000

 

Breis is €5m i gCistiú na gCuntas Díomhaoin fógartha do Choistí Náisiúnta Rialaithe spóirt

Is cúis áthais don Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus do Spórt Éireann é a fhógairt go bhfuil breis is €5m i gCistiú na gCuntas Díomhaoin le dámhachtain ar Choistí Náisiúnta Rialaithe (CNRanna) spóirt.

D’fháiltigh an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue, roimh an infheistiú €5.16m, lena dtacófar le réimse leathan tionscadal iontach ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan: Leis an leithdháileadh seo ó Chiste na gCuntas Díomhaoin, beidh ár gcuid coistí spóirt in ann an obair thábhachtach a dhéanann siad i bpobail ar fud na hÉireann a choinneáil ar bun, agus tacaíocht a thabhairt don ionchuimsiú dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste nó faoi mhíchumas, agus cuidiú le borradh a chur faoin rannpháirtíocht sa spórt agus sa ghníomhaíocht coirp ag an am céanna.

Treisítear leis an gcistiú seo an prionsabal tábhachtach gur bunchearta iad an spórt agus an ghníomhaíocht coirp agus gur cheart dóibh a bheith ar fáil do chách, i ngach áit. Cumhachtófar CNRanna leis an gcistiú seo tuilleadh a dhéanamh chun freastal orthu siúd atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta nó oideachais agus orthu siúd faoi mhíchumas.”

Le Cistiú na gCuntas Díomhaoin, ceadaítear cistí nár éilíodh ó chuntais in institiúidí creidmheasa in Éirinn a úsáid le haghaidh tionscadail lena ndírítear ar bhacainní agus dúshláin rannpháirtíochta sa spórt a shárú dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachais, nó atá faoi mhíchumas.

Dúirt an tAire Stáit atá Freagrach as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue: Cé gur spreagthóir cumhachtach é an spórt don ionchuimsiú sóisialta, tá obair thábhachtach fós le déanamh chun a chinntiú go dtacaítear go hiomlán le daoine a bhfuil bacainní socheacnamaíocha rompu nó atá faoi mhíchumas.

Agus pleanáil á déanamh againn do 2026, tá sé ríthábhachtach go leanfar den tacaíocht d’obair riachtanach na gCoistí Náisiúnta Rialaithe - go háirithe ina n-iarrachtaí chun spóirt a dhéanamh níos ionchuimsithí do phobail faoi mhíbhuntáiste agus do dhaoine faoi mhíchumas. Dírítear leis an infheistíocht mhór seo ar an neamhionannas a laghdú agus ar a chinntiú go mbeidh deis ag daoine ó gach cúlra saol gníomhach sláintiúil a bheith acu.”

Áirítear leis na réimsí le haghaidh Cistiú 2025 na gCuntas Díomhaoin tacaíochtaí míchumais, comhionannas CNR, éagsúlacht agus ionchuimsiú, agus tacaíochtaí d’oibrithe deonacha.

Tá béim ar chistiú do spóirt míchumais faoi thrí scéim – Tacaíocht Caipitil Míchumais, Cláir Míchumais, agus Ciste Oiliúna agus Oideachais Míchumais – ar luach iomlán €2m.

Cuireadh na scéimeanna sin i bhfeidhm chun tionscnaimh áitiúla míchumais a thionscnamh, a chur chun cinn nó a luathú chun tacú le Beartas Spórt Éireann maidir le Rannpháirtíocht sa Spórt do Dhaoine faoi Mhíchumas, le Beartas Náisiúnta Spóirt agus le Plean Náisiúnta Gníomhaíochta Coirp.

Thug an tAire Stáit, Jerry Buttimer T.D., don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an roinn a dhéanann maoirseacht ar Chiste na gCuntas Díomhaoin, faoi deara: “Tugadh cúnamh le Ciste na gCuntas Díomhaoin go leanúnach dóibh siúd is leochailí sa tsochaí. Tá áthas orm go háirithe an cistiú a fheiceáil do na bearta spóirt seo a rachaidh chun tairbhe daoine ar fud na tíre.”

Dúirt Cathaoirleach Spórt Éireann, John Foley:Cuirimid fáilte roimh an infheistíocht fhlaithiúil seo, rud a léiríonn cur chuige tomhaiste chun dul i ngleic le bacainní rannpháirtíochta. Cabhróidh sé le deiseanna a chinntiú dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachais, nó atá ag maireachtáil le míchumas.

“Gníomhaíonn Spórt Éireann agus a chomhpháirtithe mar chaomhnóirí an mhaoinithe seo, le freagracht shoiléir as trédhearcacht agus cuntasacht. Caithfidh fíorthionchar a bheith ag gach Euro - pobail a chumhachtú, cuimsiú a chur chun cinn, agus rochtain chóir ar spórt a chruthú. Trí mhaoirseacht chúramach, fágfaidh an tionscnamh seo oidhreacht comhionannais agus deise.”

Dúirt an Dr Úna May, POF Spórt Éireann: Tá méadú mór ar an infheistíocht ón Rialtas san ionchuimsiú míchumais sa spórt cheana féin le blianta beaga anuas. Le Cistiú tábhachtach seo na gCuntas Díomhaoin, beidh CNRanna in ann níos mó fós a dhéanamh do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil bacainní rannpháirtíochta socheacnamaíocha nó oideachais rompu.

Tá Spórt Éireann tiomanta do ról ceannaireachta a ghlacadh agus comhar a chothú san earnáil spóirt chun a chinntiú go mbainfear amach ár spriocanna Beartais Náisiúnta Spóirt.”

Infheisteoidh Spórt Éireann €1.5m i gCiste Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsithe na gCistí Náisiúnta Rialaithe (CNR). Leis an gciste sin, tacófar le CNRanna tionscadail a sheachadadh lena dtabharfar aghaidh ar bhacainní ar an rannpháirtíocht do dhaoine ó phobail éagsúla, gan beann ar chúlra socheacnamaíoch, inscne, míchumas, gnéaschlaonadh, ná eitneacht.

Agus rannchuidiú luachmhar na n-oibrithe deonacha le spórt in Éirinn á aithint, leithdháiltear cistiú chun tacaíochtaí a sholáthar d’oibrithe deonacha ar aon dul le príomhghníomhartha an Bheartais Oibrithe Deonacha sa Spórt.

Leithdháilfear cistiú ar thionscadail lena gcumhachtaítear oibrithe deonacha, lena n-áirítear oiliúint ceannaireachta óige, cláir cóitseála agus forbartha agus oiliúint spriocdhírithe ar oibrithe deonacha a thagann ó limistéir faoi mhíbhuntáiste nó a oibríonn iontu, agus/nó a oibríonn le daoine faoi mhíchumas.

Áirítear leis na réimsí eile fócais moil Spóirt Pobail agus Gníomhaíochta Coirp lena soláthraítear deiseanna áitiúla inrochtana don ghníomhaíocht coirp i limistéir faoi mhíbhuntáiste agus Her Moves, lena dtacaítear le forbairt tionscnamh atá ceaptha chun rátaí luathfhágála spóirt agus gníomhaíochta coirp a laghdú i measc cailíní ógánta.

Soláthrófar cistiú freisin d’Éirigh Gníomhach in Éirinn, suíomh gréasáin agus mol páirtithe leasmhara poiblí ar líne lena gcuirtear eolas cuimsitheach ar fáil faoi áiseanna spóirt agus áineasa ar fud na hÉireann. Is é is aidhm dó leibhéil gníomhaíochta coirp a mhéadú agus pleanáil, cistiú agus bainistiú na saoráidí spóirt agus áineasa ar fud na tíre a fheabhsú.

Miondealú ar Leithdháiltí 2025 ar fáil thíos.

Scéim Chiste na gCuntas Díomhaoin CNR 2025 Leithdháileadh Molta
Ciste Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe na CNR €1,500,000
Ciste Oiliúna agus Oideachais Míchumais €250,000
Tacaíocht Chaipitil Míchumais €1,235,000
Cláir Míchumais €515,000
Ciste Tacaíochta d’Oibrithe Deonacha na CNR €780,000
Ciste Her Moves na CNR €100,000
Ciste Siúil/Snámha/Rothaíochta/Rith “Get Ireland” €500,000
Ciste Mol Spóirt agus Gníomhaíochta Fisiciúla Pobail na CNR €132,000
Éirigh Gníomhach in Éirinn €150,000
IOMLÁN €5,162,000